Official Connacht GAA Website

Official Website of Connacht GAA

Kevin Walsh – seasmhach i gcoinne na taoide

July 20th, 2017

Kevin Walsh – seasmhach i gcoinne na taoide

Conchúr Ó Sé do gaa.ie

Kevin Walsh, iarimreoir peile de chuid na Gaillimhe agus anois mar bhainisteoir ar a chontae ó Mheán Fómhair 2014. 48 bliain d’aois, seasann sé ag 6’4”, fear mór, a d’imríodh i lár na páirce ar son na Gaillimhe.

Níl dabht ar bith ann go raibh an-rath air mar imreoir agus go bhfuil rath air agus é ina bhainisteoir, ach is é ceann de na tréithe is fearr atá ag Kevin Walsh agus foirne dá chuid ná cumas teacht ar ais nuair a bhuailtear cor coise orthu.

Is é Killanin an club peile atá ag Walsh agus is baile fearainn i mbarúntacht Conamara é. Thosaigh Walsh amach mar mhionúr do Ghaillimh sa bhliain 1986 agus d’éirigh leo Craobh na hÉireann a bhuachan faoi stiúir an uasail John Tobin i gcoinne Chorcaí ar scór 3-08 go 2-07. Bhog Walsh suas na gráid agus d’imir sé ar an bhfoireann faoi 21 do Ghaillimh, áit ar éirigh leis 3 bhonn Chonnachta a bhuachan idir 1988 agus 1990 le John Joe Holleran mar bhainisteoir na foirne. Chaill Gaillimh i gcoinne Chorcaí i gCraobh na hÉireann faoi 21 sa bhliain 1989 ar scór 2-08 go 1-10. Sna blianta sin bhog Walsh idir lár na páirce agus an líne lántosaigh. Chailleadar sna cluichí leathcheannais sna blianta 1988 agus 1990 chomh maith ach bhí Walsh ag teacht.

Le himeacht ama d’éirigh le Walsh é féin a bhunú isteach sna foirne tosaigh do Ghaillimh agus bhí sé mar laoch na himeartha nuair a bhuaigh Killanin Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe i 1991, bhí a dheartháir, ‘Bosco’ ar an bhfoireann sin freisin. Bhí Gaillimh ag feabhsú agus i 1998 d’éirigh leo an fhionnachtain mhór a dhéanamh agus corn Sam Maguire a thabhairt siar leo go Gaillimh den chéad uair ó bhuadar é sa bhliain 1966, gorta 32 bliain. Bhuadar ar Chill Dara, a bhí faoi stiúir an bainisteoir is rathúla de chuid Chumann Lúthchleas Gael, Mick O’Dwyer, ar scór 1-14 go 1-10. Bhí ról lárnach ag Walsh i bhfeachtas Fhir na dTreibh agus bhain sé amach ceann dá dtrí ‘All-Star’ an bhliain úd sin.

Bhí an pheil go smior i Walsh agus moltar go hard na spéire é ar ndóigh. Deir Ray Silke, a bhí mar chaptaen na Gaillimhe i 1998 faoi: ‘‘It has often been talked about who was Galway’s most influential player over the last 40 years and a lot of people would say Kevin Walsh. I’d say the first name down on John O’Mahony’s team sheet, every day, was Kevin Walsh.’’

Níl aon dabht ann go raibh sé, ach b’iomaí buille millteanach a buaileadh air. D’fhulaing Walsh go mór le fadhbanna droma agus fadhbanna glúine ach go háirithe. Bhí air roinnt obráidí a fháil orthu; 3 obráid ar an dá ghlúin araon, ach léirigh sé a chuid seasmhachta agus a charachtar mar imreoir, agus mar dhuine, ag teacht ar ais arís agus arís eile.

Ba iad na cluichí ba mhó a chuir seo in iúl don tír uilig ná na cinn i gcoinne Chiarraí sa Chraobh i 2000. Tháinig sé ar an bpáirc tar éis 17 nóiméad agus cé go raibh gortuithe ag cur isteach air ach d’aimsigh sé an chéad liathróid a tháinig ina threo agus chuir sé taispeántas ollmhór ar siúil chun an cluiche a thógáil go hathimirt tar éis do Ghaillimh a bheith 7 bpointe taobh thiar sa chéad leath. San athimirt, bhí air teacht ón bpáirc nuair a tháinig an gortú dá ghlúin ar ais le Joe Bergin ag teacht isteach ina áit. Ghlac sé pianmhúchán agus d’fhill sé ar ais ar an bpáirc don dara leath ach ní raibh sé ábalta Ciarraí a stopadh ag buachan 0-17 go 1-10.

Bhuaigh Gaillimh Craobh na hÉireann an bhliain dár gcionn ar scór 0-17 go 0-08 i gcoinne na Mí agus bhain Walsh All-Star eile amach. D’éirigh sé as ón gcluiche i 2005 de bharr iliomad gortuithe agus chríochnaigh sé le 5 bhonn Chonnachta, 2 bhonn Uile-Éireann agus 3 All-Stars.

“He had huge natural strength, a huge presence and physique. He had football in his heart. Kevin Walsh was definitely one of the best midfielders Galway ever produced.”, a deir iar-imreoir Chiarraí, a bhfuil seacht bonn Uile-Éireann sa phóca’s aige, Jack O’Shea faoi.

Níorbh fhada é sular bhog Walsh i dtreo na bainistíochta. Bhí sé mar bhainisteoir ar pheileadóirí Oileán Árann i 2008 agus thóg sé go dtí craobh Idirmheánach Iarthar na Gaillimhe iad ach chailleadar amach i gcoinne an Spidéil. Chaith sé tréimhse ag cóitseáil foireann na mban i nGaillimh ach ansin ghlac sé le ról bhainistíochta ar Shligeach don bhliain 2009 ag teacht i gcomharbacht ar Tommy Jordan.

Thosaigh a chuid foirne ag léiriú tréith na seasmhachta freisin. Tar éis dóibh slán a fhágáil le Connacht i 2009 ag cailliúint i gcoinne Ghaillimh, bhuadar ar Thiobraid Árann agus bhaineadar geit dhamanta as Ciarraí i mbabhta 3 de Chraobhchomórtas na hÉireann i bPáirc Markievicz, chailleadar le pointe amháin ach shábháil Diarmuid Murphy, cúlbáire Chiarraí, cic éirice ó David Kelly sa tréimhse dheireanach chun Ciarraí a stiúradh slán abhaile. Níor cheap éinne go mbeidh trioblóid ag Ciarraí an lá sin agus chuadar ar aghaidh chun Sam Maguire a bhuachan don 36ú huair an bhliain sin, ach ba é an cluiche i gcoinne Shligigh an cluiche ba chóngaraí a bhí acu.

I 2010 bhuaigh foireann Walsh ar an dá mhórchumhacht Chonnachta, Gaillimh agus Maigh Eo chun an chraobh a bhaint amach ach chailleadar le pointe amháin 0-14 go 0-13 i gcoinne fhoireann Ros Comáin. Ba thubaiste ollmhór é 2011 do Shligeach. Theip orthu cluiche amháin a bhuachan i gCraobhchomórtas na hÉireann ag cailliúint i gcoinne Liatroma agus Chill Mhantáin ach tháinig biseach orthu i 2012 ag teacht ar ais an bhliain sin chun Craobh Chonnachta a bhaint amach ach ag cailliúint i gcoinne Mhaigh Eo ar scór 0-10 go 0-12.

Chríochnaigh tréimhse Walsh go dona i 2013 ag cailliúint i gcoinne Londain agus Doire.

Tháinig an seans do Walsh a chuid dúthrachtacha agus díograise a léiriú arís i 2014 nuair a tháinig sé mar bhainisteoir ar a chontae féin, Gaillimh tar éis dá iar-comhimreoir, Alan Mulholland seasamh síos. Thóg Walsh go babhta 4 de Chraobh na hÉireann iad i 2015 tar éis cailliúint i gCraobh Chonnachta le trí phointe go Maigh Eo ach b’fhearr rith maith ná drochsheasamh sa chéad bhliain dó.

I 2016 d’éirigh leis Fir na dTreibh a stiúradh chun ráithe i gConnacht ag buachan ar Ros Comáin in athimirt ar scór 3-16 go 0-14. Bhí Walsh ag oibriú a chuid draíochta dá chontae ar an taobhlíne ach ní raibh sé ábalta an cleas céanna a imirt i bPáirc an Chrócaigh nuair a chailleadar i gcoinne Thiobraid Árann sa chluiche Ceathrú Ceannais. Níl cluiche buaite ag Gaillimh i gceanncheathrú CLG ó bhuadar Craobh na hÉireann siar i 2001.

Is minic a deirtear gur féidir breitheamh a dhéanamh ar dhuine nuair a bhuailtear cos orthu agus tagann Walsh ar ais an t-am ar fad. Tar éis an díomá a bhí ann i nGaillimh an Fhómhair seo caite stiúraigh sé go Roinn 1 iad de shraith Allianz i mbliana don chéad uair ó 2011.

Chailleadar i gcoinne Ros Comáin i gCraobh Chonnachta tar éis dóibh buachan don dara bhliain as a chéile ar Mhaigh Eo agus chuir seo ionadh ar an tír i gcoitinne.

An féidir le Walsh agus a fhoireann an tseasmhacht sin a thaispeáint arís eile i gcoinne Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo? Bíonn súil le muir do mhuintir na Gaillimhe agus do Kevin Walsh.